General Details:
- Start Date:
- 31 Jan 2018
- Start Time:
- 17.15
- Duration(Hours):
- 1.45
- Location
- Áras Newman
- Contact Name:
- ranganna.gaeilge@ucd.ie
- Contact Number:
- Fees:
- 10
Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla abairt bhunúsach. Níl sé oiriúnach don té a d’fhreastail ar bhunrang cheana féin nó don té a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil. Beidh an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta agus múinfear an ghramadach i gcomhthéacs. Ag deireadh an chúrsa beidh na foghlaimeoirí in ann labhairt fúthu féin, faoina gcúlra, faoina gcuid staidéir srl., agus beidh eolas bunúsach acu ar an ngramadach.
Moltar duit Triail Socrúcháin Teanga Bhord na Gaeilge a dhéanmh ar line sula gcláraíonn tú d’aon cúrsa teanga: http://www.ranganna.com/tastail.aspx?id=2&lang=ga.
Tá ábhar teagaisc Bhord na Gaeilge UCD bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna uilig.