Online Course (available to current UCD staff only)

 

General Information

Tá an cúrsa seo, atá bunaithe ar Leibhéal 3 (Meánrang 1) ar fáil ar líne.

Ábhar an chúrsa

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh freisin. Múintear an ghramadach I gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil. Tá leabhar ar fáil a théann leis an gcúrsa ar líne agus tá gach aonad sa leabhar ag freagairt d’aonad ar líne.

Ábhar na n-aonad

Tá fiche aonad sa chúrsa ‘Gaeilge Gan Stró! - Meánrang 1’,agus tá gach ceann acu dírithe ar théama faoi leith. Tá na gnéithe seo a leanas i ngach aonad:

  • Sobal, ina bhfuil na carachtair mar rannpháirtithe i rang scríbhneoireachta cruthaithí. Tagann forbairt ar an scéal ó aonad go haonad.
  • Stór focal agus frásaí úsáideacha a bhfuil baint acu le téama an aonaid.
  • Ceacht gairid gramadaí. Mínítear na rialacha ar bhealach soiléir, gonta, agus seachnítear téarmaíocht chasta.
  • Cleachtaí bunaithe ar an stór focal agus ar an ngramadach a thagann chun cinn san aonad sin.
  • Rólghlacadh idirghníomhach, a bhfuil deis ag an bhfoghlaimeoir páirt a ghlacadh ann.
  • Alt as iris nó nuachtán, chomh maith le cleachtadh bunaithe ar an stór focal, ar na frásaí agus ar an ngramadach a thagann chun cinn san alt sin.
  • Agallamh (físeán nó comhad fuaime) le cainteoir cumasach Gaeilge, ag labhairt faoi thopaic an aonaid.

Fóram

Tá fóram ar fáil do ‘Gaeilge Gan Stró! - Meánrang 1’. Tá deis acu siúd a tá cláraithe don chúrsa dul i dteagmháil leis na foghlaimeoirí eile ar an bhfóram plé agus díospóireachta. Tá siad in ann teachtaireachtaí a sheoladh, ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe a nochtadh. Tá an cúrsa seo á thairiscint ag Bord na Gaeilge UCD i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta.

Aonad Samplach: http://www.ranganna.com/aonad.aspx?id=149&lang=ga

Moltar duit Triail Socrúcháin Teanga Bhord na Gaeilge a dhéanmh ar line sula gcláraíonn tú d’aon cúrsa teanga: http://www.ranganna.com/tastail.aspx?id=2&lang=en.

This course, which is based on Level 3 (Lower Intermediate), is available online to UCD students and staff.

Course content

The course is suitable for people who studied Irish at school, who understand a great deal of the language but have had little opportunity to use it in recent years. The emphasis is on developing speaking and listening skills but learners are also given the opportunity to read and write the language. Grammar is taught in context, as it is required. A book complementing the online course was published in December 2009, and each unit in the book corresponds to a unit online.

Unit content

There are twenty units in the course ‘Irish the Easy Way! - Lower Intermediate’, each of which concentrate on a distinct topic. Each unit contains the following elements:

  • A soap, in which the characters are participants in a creative writing class. The story develops from unit to unit.
  • Vocabulary and useful phrases relating to the theme of the unit.
  • A short grammar lesson in which the rules are explained in a clear, concise way, and complicated terminology are avoided.
  • Exercises based on the vocabulary and grammar presented in that unit.
  • An interactive role play, where the learner is given the opportunity to participate.
  • An article from a magazine or newspaper, as well as an exercise based on the vocabulary, phrases and grammar which came up in that article.
  • An interview (video or sound file) with a fluent Irish speaker. The interview is based on the theme of the unit.


Forum

A forum is provided for ‘Irish the Easy Way! - Lower Intermediate’. Those registered for the course have an opportunity to contact other learners through the discussion forum. They will be able to send messages, pose and discuss questions, and express ideas.

This course is offered by Bord na Gaeilge UCD in association with Gaelchultúr Teoranta

Sample unit: http://www.ranganna.com/Aonad.aspx?id=149&lang=en

We advise you to complete the Bord na Gaeilge Online Placement Test before registering for a course: http://www.ranganna.com/tastail.aspx?id=2&lang=en.

Level 3 - Cúrsa ar Líne / Online Course (BNAG0007)
Dates
30 May 2017 to 18 Dec 2017
Time
Duration

General Details:

Start Date:
30 May 2017
Start Time:
Duration(Hours):
Location
N/A
Contact Name:
ranganna.gaeilge@ucd.ie
Contact Number:
Fees:
10