General Details:
- Start Date:
- 31 Jan 2018
- Start Time:
- 17.15
- Duration(Hours):
- 1.45
- Location
- Áras Newman
- Contact Name:
- ranganna.gaeilge@ucd.ie
- Contact Number:
- Fees:
- 10
Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd a bhfuil eolas bunúsach acu ar an teanga cheana féin (daoine a d’fhreastail ar bhunrang ar feadh bliana agus a chríochnaigh aonad 1 – 20 ag léibhéal 1: Bunrang). Níl sé oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar Leibhéal 2 (Bunrang 2) anuraidh. Is ar scileanna labhartha agus éisteachta a bheidh an bhéim agus múinfear an ghramadach i gcomhthéacs. Rachfar siar ar na buneilimintí teanga a bhíonn i gceist i Leibhéal 1 (Bunrang 1) de ghnáth ag tús an chúrsa ach gluaisfear ar aghaidh níos tapúla ansin ná mar a dhéanfaí i gcás bunranga. Tabharfar deis do na foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh trí obair ghrúpa agus obair bheirte. Is ar thopaicí a bhaineann go dlúth lena saol féin is mó a bheidh na rannpháirtithe ag díriú.
Moltar duit Triail Socrúcháin Teanga Bhord na Gaeilge a dhéanmh ar line sula gcláraíonn tú d’aon cúrsa teanga: http://www.ranganna.com/tastail.aspx?id=2&lang=en.
Tá ábhar teagaisc Bhord na Gaeilge UCD bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna uilig.