Title: | Sparánacht Dhónaill Uí Mhórain |
---|---|
Award Type: | Award |
Long Description: | Bunaíodh an Sparánacht seo i gcuimhne ar shaothar Dhónaill Uí Mhóráin (Iar-Cheannaire Ghael Linn) ag Gael Linn Teoranta agus Muintir Uí Mhóráin. Tá i gceist go gcuirfidh an Sparánacht seo ar chumas mhic léinn iarchéime de chuid an ábhair Béaloideas Éireann taighde a dhéanamh ar ghnéithe den bhéaloideas a bhaineann go sonrach le traidisiún na Gaeilge. Beidh fáil ar an Sparánacht, ar fiú c. €2,500 í, ó bhliain go bliain de réir mar is acmhainn don fhondúireacht. Tá gach eolas faoin Sparánacht le fáil ó Riarthóir na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Belfield, Baile Átha Cliath |
Value: | 2,500 |