Déan uasdátú ar do chuid sonraí

Déan uasdátú ar do chuid sonraí

  • Déantar eolas ar an Scoil/Aonad lena mbaineann tú agus do Ról féin ann a phobalú go huathoibríoch, de réir do chuid sonraí ceapacháin. Sa chás gur athraigh tú Scoil/Aonad nó Ról le déanaí, déanfar uasdátú ar an bhfaisnéis sin go huathoibríoch nuair a phróiseálfaidh AD do cheapachán nua. Téigh i dteagmháil le AD ar compensationandbenefits@ucd.ie má bhíonn aon cheist agat.
  • Léiríonn na lipéid Teideal agus Ainm na sonraí atá ar chóras AD. Féach leathanach gréasáin AD http://www.ucd.ie/hr/a-z/updatemydetails/ maidir le treoracha chun iad a athrú
  • Is féidir na lipéid Uimhir Theagmhála, Suíomh, Foireann agus Seoladh Ríomhphoist a uasdátú ar bhonn féinriar ach dul chuig ‘Mo Phróifíl’ ar InfoHub, nó sin, is féidir do thaifead féin san eolaire aimsiú, cliceáil ar d’ainm agus tiocfaidh do leathanach eolaire féin aníos. Feicfidh tú naisc ar an leathanach sin chun uasdátú a dhéanamh ar do chuid sonraí. Léireofar na sonraí uasdátaithe san eolaire láithreach.

Déan uasdátú ar do chuid Socruithe Breise Eolaire

Tá dhá shocrú bhreise (roghnacha) ann is féidir leat a chur i bhfeidhm ar bhonn féinriar ionas go dtiocfaidh siad aníos ar do leathanach eolaire féin. Is iad sin

  • Rogha do ghrianghraf a thaispeáint/a cheilt (déantar é a cheilt mar réamhshocrú) agus
  • Bosca saorthéacs chun téacs a chur le do leathanach maidir le nithe ar féidir teagmháil a dhéanamh leat fúthu. Déan cuardach ar Mark Simpson mar eiseamláir

Léireofar na sonraí uasdátaithe san eolaire láithreach.

Uasdátú ar Shonraí Áiseanna nó Seirbhísí ar an gCampas Cuir ríomhphost chuig Eag.Support@ucd.ie más mian leat iontrálacha nua a chur le sonraí na n-áiseanna agus na seirbhísí atá ar an gcampas nó más mian leat na sonraí a uasdátú