Noda Cuardaigh

Is é atá in Eolaire UCD liosta de dhaoine – baill foirne agus na dámha lena mbaineann siad – agus eolas ar áiseanna agus seirbhísí atá ar an gcampas.

Noda Cuardaigh

Cuir isteach na sonraí atá ar eolas agat faoin duine, faoin scoil/aonad, faoin áis nó faoin tseirbhís atá tú a chuardach agus taispeánfar taifid san eolaire a fhreagraíonn don méid a scríobh tú. Déanfar scagadh ar na torthaí de réir an méid a scríobhann tú. Is féidir leat cuardach a dhéanamh de réir ainm iomlán nó cuid d’ainm, dála mar is féidir a dhéanamh le ról, scoil/aonad agus foirgneamh. Is féidir uimhir fóin a aimsiú ar an gcaoi chéanna.

Chun an saol a dhéanamh níos fusa duit, aimseofar ainmneacha Gaeilge a bhfuil síneadh fada orthu, cibé a gcuireann tú isteach an síneadh fada nó nach gcuireann. Lena chois sin, má tá do shloinne roimh phósadh duit cláraithe agat le AD, is féidir teacht ort trí do shloinne pósta nó do shloinne roimh phósadh a chuardach.

Torthaí

Is féidir liosta na dtorthaí a shórtáil de réir réimse ar bith. Tá réimse an ainm hipearnasctha le mír aníos a thugann tuilleadh sonraí faoin duine atá i gceist. Má chliceálann tú ar Suíomh, taispeánfar an áit a bhfuil an foirgneamh ar Google Maps.