IR40090 Na meáin Ghaeilge

Academic Year 2021/2022

Díreofar ar chomhthéacs agus ar scileanna gairmiúla na meán cumarsáide. Pléifear teoiricí na meán mionteanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta mar aon le forbhreathnú a thabhairt ar ról na meán mionteanga i sochaí an lae inniu. Cuirfear traenáil phraiticiúil ar fáil trí cheardlanna leis an bhfoireann acadúil agus le hiriseoirí aitheanta a bhfuil taithí ghairmiúil acu sna meáin chló, chraolta agus dhigiteacha. Iarrfar ar mhic léinn sleachta léitheoireachta a ullmhú go rialta, chomh maith le scagadh a dhéanamh ar shaothar iriseoireachta ó nuachtáin, irisí, bhlaganna, shuímh idirlín, chláracha teifilíse, scannáin, phodchraoltaí agus chláracha raidió. Beidh rannpháirtíocht sna ceardlanna iriseoireachta mar chuid lárnach den mhodúl seo, chomh maith le freastal ar sheimineáir taighde na Scoile.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil, beidh na mic léinn in ann:

1. Anailís chriticiúil, choincheapúil a dhéanamh ar ghnéithe lárnacha d'fhorbairt na meán Gaeilge i dtréimhsí éagsúla;
2. Forbairt a dhéanamh ar an gcumas anailíse agus ar an bhfiosracht intleachtúil atá riachtanach mar iriseoir agus feabhas a chur ar chaighdeán na hiriseoireachta dá réir;
3. Taithí a fháil ar shaothar iriseoireachta a dhréachtadh i seánraí éagsúla agus ar chóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an saothar sin;
4. Cur amach a léiriú ar na foinsí idirlín, craolta agus cló sna meáin mhionteanga agus an tairbhe is fearr a bhaint astu i gcomhthéacs na Gaeilge;
5. Scileanna gairmiúla a chleachtadh a bhaineann le réimse na meán.

Indicative Module Content:

Braithfidh ábhar an mhodúil seo ar thaithí ghairmiúil na n-aoichainteoirí, chomh maith le réimsí speisialtóireachta na léachtóirí acadúla. Clúdófar na réimsí seo a leanas le linn an mhodúil:

- Léirbhreithniú ar na meáin chló, chraolta agus dhigiteacha

- Feasacht intleachtúil i dtaobh na meán agus cúrsaí reatha

- Forbairtí san iriseoireacht ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta

- Scileanna scríbhneoireachta i gcomhthéacs na meán (scripteanna, ceisteanna, blúiríní nuachta, colúin srl)

- Scileanna eagarthóireachta

- Scileanna taighde

- Scileanna anailíseacha

- Scileanna agallaimh

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Seminar (or Webinar)

22

Specified Learning Activities

26

Autonomous Student Learning

152

Total

200

Approaches to Teaching and Learning:
Sa mhodúl seo, bainfear úsáid as:

- ceardlanna agus seimineáir

- obair i ngrúpaí

- piar-theagasc

- foghlaim ghníomhach

- measúnú leanúnach

- dréachtaí a ullmhú

- aiste chritice

- dialann foghlama

- foghlaim bunaithe ar thascanna ar leith (saothar iriseoireachta a chruthú) 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Cumas i léamh agus i scríobh na Gaeilge

Learning Recommendations:

Grád 2.1 sa bhunchéim


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Journal: Dialann foghlama a choinneáil le linn an tseimeastair Throughout the Trimester n/a Graded No

20

Portfolio: Saothar iriseoireachta a ullmhú i seánraí éagsúla Throughout the Trimester n/a Graded No

30

Essay: Móraiste 3,000 focal ar na meáin mar chuid den réimse poiblí Week 9 n/a Graded No

50


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Measúnú leanúnach: Aiseolas don rang iomlán agus do gach mac léinn faoi seach i ndiaidh gach tasc Aiste chritice: Aiseolas don rang iomlán agus do gach mac léinn faoi seach ag deireadh an tseimeastair Dialann foghlama: Aiseolas ar líne trí Brightspace ag deireadh an tseimeastair

Iarrfar ar na mic léinn sleachta ó ailt agus leabhair bunaithe ar theoiricí na meán a léamh gach seachtain, chomh maith le saothar iriseoireachta. Cuirfear roinnt mhaith ábhair léitheoireachta ar fáil trí Brightspace.
Name Role
Mr Donncha Ó Murchú Lecturer / Co-Lecturer