Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Beidh tuiscint ag na mic léinn ar chomhthéacs cultúrtha shaothrú na litríochta idir 1650 agus 1850.
Beidh siad ábalta ar ábhar na litríochta, agus comhthéacs stairiúil agus cultúrtha na litríochta a bheachtú.
Beidh siad in ann aiste chuimsitheach a scríobh ar ábhar faoi leith a ndéanfar iniúchadh air sna léachtaí.
Beidh siad in ann plé a dhéanamh ar phríomhthréithe an téacs ‘Comhairle Mhic Clamha’, agus ar an gceangal atá aige le téacsanna Gaeilge eile a bhaineann leis an tréimhse chéanna.
Léifear, sa chúrsa seo, deascán téacsanna — idir fhilíocht is phrós — a cumadh i gCúige Uladh agus sna contaetha máguaird idir an 17ú haois agus an 19ú haois. Déanfar mionstaidéar ar ‘Comhairle Mhic Clamha’, saothar prosimetrum a cumadh sna blianta deiridh den 17ú haois, trína chur i gcomórtas le téacsanna aoracha eile ó ré na Nua-Ghaeilge.
Scrúdofar an múnla liteartha sin trí rainn agus amhrán, an nasc atá aige leis an mórcheantar seo agus le haortha na Gaeilge. De bhreis air sin, pléifear roinnt téacsanna a chum mórfhilí Oirialla san 18ú haois, agus an t-eolas is féidir a bhaint astu maidir le nósanna agus le luachanna na haoise sin.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 22 |
Specified Learning Activities | 50 |
Autonomous Student Learning | 28 |
Total | 100 |
Léamh agus Scríobh na Gaeilge; tuiscint ar an nGaeilge labhartha; taithí ar thaifead na Gaeilge.
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Spring | No |
• Group/class feedback, post-assessment
Not yet recorded.