Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Eolas ar thraidisiún agus ar stair na Gaeilge i gcúige Uladh, canúintí, fréamhacha, stair agus forbairt.
A bheith ábalta anailís chriticiúil a scríobh agus measúnú a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge i gcomhtheacs acadúil bunaithe ar ábhar an chúrsa ar sheánraí éagsúla idir scríbhneoirí Gaeltachta Thír Chonaill, thraidisiún na haoire agus an choiméide, an t-úrscéal pobail, agus an bildungsroman, mar chatagóirí i staidéar an úrscéil nua-aimseartha agus comhaimseartha.
A bheith ábalta comhthéacsú a dhéanamh agus scileanna léirmheastóireachta a fhorbairt ar éabhlóid agus ar chéimeanna fáis na Gaeilge in Uladh le céad caoga bliain anuas.
A bheith ábalta iniúchadh a dhéanamh ar ról reatha na n-eagraíochtaí agus an phobail i sealbhú tanga agus i gcaomhnú cultúir i gcomhthéacs socheolaíoch agus domhanda.
A bheith ábalta cuntas acadúil a scríobh ar thraidisiún amhránaíochta/ filíochta Uladh le fócas ar fhilí an ochtú haois déag.
A bheith ábalta léirmheas criticiúil a scríobh ag míniú ról na gcreideamh/ na n-inscní éagsúla i bhforbairt thraidisiún liteartha agus béil na Gaeilge le léargais ar leith ar thimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe.
A knowledge of the Irish language in the province of Ulster, dialects, roots, history and development.
To be able to write a critical analysis and assess modern Irish language literature in an academic context based on the course content on the various genres spanning Donegal Gaeltacht writers, satire and comedy, the community novel and the bildungsroman as categories in the study of the contemporary novel.
To be able to contextualise and understand the developments of Irish language and literature in Ulster over the last 150 years and its current role in language acquisition and cultural preservation in a societal and global context.
To write an academic account of Ulster song/poetry tradition with focus on 18th century poets.
To write a critical review explaining the role of all creeds/ genders in the development of the Ulster Irish language and literary tradition with specific insights on rural and urban environments.
Cuspóir agus Forbhreathnú an mhodúil
Díríonn an modúl seo ar thraidisiún teanga agus litríochta na Gaeilge i gCúige Uladh ó oirthear Aontrama go hiarthar Dhún na nGall. Déanfaidh an modúl comhthéacsú ar thraidisiún na Gaeilge i gcúige Uladh faoi thuiscintí ar stair agus ar chúlra litríocht na Gaeilge in Éirinn.
Cuirfear tús leis an modúl le forbhreathnú ar stair na Gaeilge le measúnú comhaimseartha ar threochtaí teanga agus ar dhearcthaí agus ar pheirspictíochtaí teanga faoi dhá théama ar leith:
1. Traidisiún liteartha na Gaeilge in Oirthear Uladh
2. Traidisiún liteartha na Gaeilge i lár agus in Iarthar Uladh
Cuirfear críoch leis an modúl le hanailís ar Ghaeilge Uladh i gcomhthéacs chlaontaí comhaimseartha teanga agus na bhféidearthachtaí d'Acht na Teanga i dTuaisceart Éireann. Déanfar anailís chríochnúil fosta ar atógáil Ghaeltacht Thír Chonaill agus saibhreas oidhreacht na scéalaíochta béil agus na litríochta á chur san áireamh atá beo i gcónaí i gcaint bheo na ndaoine, i gcultúr litríochta agus i dtraidisiúin an phobail.
CUR CHUIGE TEAGAISC
a. Cad a fhoghlaimeoidh mé?
1. Stair na Gaeilge ó oileán Reachlainn go hOirialla agus Óméith, agus ar aghaidh go Ros Guill, Toraigh agus na hOileáin Árann, Gaoth Dobhair/ Rann na Feirste.
2. Scagadh ar fhilí an ochtú céad déag, Peadar Ó Doirnín, Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh agus ar thraidisiún na hamhránaíochta in Oirialla (Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2003).
3. Scríbhneoireacht na mban agus a dtionchar ar Thraidisiún Liteartha na nGael (Charlotte Brooke, Alice Milligan; Mná na nGlinntí Aontrama - Margaret Dobbs, Róise Ní Ógáin, Margaret Hutton).
3. Traidisiún liteartha na Gaeilge i lár agus in Iarthar Uladh
Stair na litríochta Gaeilge in Iarthar Uladh le céad caoga bliain anuas i gcomhthéács scríbhneoireacht na Gaeltachta agus sheánraí liteartha na Gaeilge le fócas ar leith ar an úrscéal comhamseartha na Gaeilge (Titley/ Mac Congáil)
Forbhreathnú ar scríbhneoireacht iomráiteach ag leibhéal náisiúnta agus domhanda
Enrí Ua Muirgheasa agus na paimfléidí grinn
Clann Uí Nualláin (Brian agus Ciarán Ó Nualláin)
Traidisiún na Gaeltachta: cás staidéar ar shaothar Chlann Mhic Ghrianna agus an t-úrscéal Gaeltachta
Caisleáin Óir (1928) ‘Máire’
An Druma Mór (1969) Seosamh Mac Grianna
Mo Bhealach féin 1940 [1965] Mac Grianna
An t-úrscéal iar-nua-aoiseach
Cuaifeach mo Lon Dubh buí Séamas Mac Annaidh (1983)
4. An Ghaeilge Bheo: Scríbhneoirí comhaimseartha agus tograí teanga
Bunús agus anailís: Ó Laoire, Lillis; Drámaíocht agus aisteoirí Gaoth Dobhair (Noel Ó Gallchóir)
Seánraí comhaimseartha: Cathal ó Searcaigh (filíocht); Michelle Nic Ghrianna (úrscéalaí pobail); Pádraig Ó Baoighill (Scríbhneoir Gaeltachta)
5. Naisc idirnáisiúnta agus taighde comhaimseartha ar ghaeltacht Thír Chonaill.
Dörflinger, Torsten (2019), Beatha Teanga í a labhairt. Eine Studie zur Vitalität des Irischen in der Gaeltacht Donegal sim Spannungsfeld zwischen Language Shift und Sprachlicher Zukunftssicherung (Johannes Gutenberg-Universität Mainz)
Oideas Gael agus comhthéacs leathan idirnáisiúnta - foinsí ar líne agus eagraíochta domhanda (Beo.ie)
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Autonomous Student Learning | 80 |
Total | 80 |
Not applicable to this module.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Essay: 2,500 focal aiste ar theanga agus ar thraidisiún litríochta in Uladh Thoir (Sprioc Seachtain 8) |
Week 8 | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 50 |
Essay: 2,500 focal aiste ar theanga agus ar thraidisiún litríochta in Uladh Thiar agus i nGaeltacht Thír Chonaill | Coursework (End of Trimester) | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 50 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Summer | No |
• Online automated feedback
Not yet recorded.