IR30370 Gaeilge na hAlban

Academic Year 2023/2024

Is modúl é seo a mhúinfear trí mheán na Gàidhlig (Gaeilge na hAlban), dóibh siúd a bhfuil caighdeán maith i dteanga Gaeilge na hÉireann acu, i.e. pas ar a laghad in IR10040 (Teanga na Gaeilge I) nó a chomhionann.
Díreofar go príomha ar scileanna tuisceana a fhorbairt (éisteacht, labhairt, léitheoireacht) i nGaeilge na hAlban, ag tógáil ar réamheolas ar Ghaeilge na hÉireann.
Gheofar léirthuiscint ar Ghaeilge na hAlban mar theanga bheo atá fréamhaithe i ngnáthshaol phobail chomhaimseartha ar gach taobh den Atlantach. Chuige seo, úsáidfear an teanga féin chun bunús a fháil inti trí chomhrá, gníomhfhoghlaim agus comhoibriú. De bhreis ar na modhanna foghlama seo, éistfear le taifeadtaí fuaime ina n-áireofar seanchas, scéalaíocht, amhránaíocht agus ceol. Déanfar staidéar freisin ar thras-scríbhinní thaifeadtaí fuaime béaloidis agus léifear téacsanna simplí ó nuachtáin stairiúla chomh maith le ó nualitríocht de chuid an lae inniu.
Le héagsúlacht na modheolaíochtaí seo, forbrófar bunscileanna cluastuisceana trí úsáid a bhaint as taifeadtaí fuaime ó chartlanna Sgoil Eòlas na h-Alba in Ollscoil Dhún Éideann (Tobar an Dualchais).
Tabharfar eolas freisin ar stair agus ar chúlra cultúrtha Ghaeilge na hAlban ar gach taobh den Atlantach agus déanfar anailís ar roinnt scéalta, dánta agus amhrán.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Faoi dheireadh an mhodúil ba chóir go mbeadh mic léinn in ann:

1. Gaeilge na hAlban a aithint agus a úsáid ar leibhéal bunúsach i gcomhthéacs scileanna tuisceana sa teanga (éisteacht, labhairt, agus léitheoireacht).
2. Téacsanna simplí i nGaeilge na hAlban a léamh agus achoimre a thabhairt orthu ó bhéal agus i scríbhinn i nGaeilge na hÉireann.
3. Achoimre chruinn a thabhairt ar bhrí ábhar fuaime i nGaeilge na hAlban.
4. Cuntas a thabhairt ó bhéal agus i scríbhinn ar imlíne stair chultúrtha Ghaeilge na hAlban ar gach taobh den Atlantach suas go dtí an lá inniu.


Indicative Module Content:

• Gníomhfhoghlaim trí chomhrá agus trí chomhoibriú le chéile aghaidh ar aghaidh.
• Mionscrúdú a dhéanamh ar théacsanna fuaime agus scríofa.
• Taighde aonair ar áiseanna ar líne.
• Soiléiriú ar éagsúlacht teanga na Gàidhlig agus a cultúir dúchasacha i gcás na hAlban agus a diaspóra.
• Léachtaí ar stair na teanga in Albain agus i Meiriceá Thuaidh.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

22

Autonomous Student Learning

80

Total

102

Approaches to Teaching and Learning:
• Gníomhfhoghlaim tri chomhrá agus trí chomhoibriú le chéile aghaidh ar aghaidh.
• Mionléitheoireacht ar théacsanna / míonéisteacht le téacsanna.
• Taighde aonair ar áiseanna ar líne.
• Soiléiriú ar éagsúlacht teanga na Gàidhlig agus a cultúir dúchasacha i gcás na hAlban agus a diaspóra.
 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Caighdeán maith i nGaeilge na hÉireann, i.e. pas ar a laghad in IR10040 (Teanga na Gaeilge I) nó a chomhionann, ach b'fhearr pas ar a laghad in IR20180 (Teanga na Gaeilge IIA) agus in IR20010 (Teanga na Gaeilge IIB).


Module Requisites and Incompatibles
Required:
IR10040 - Teanga na Gaeilge I


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Examination: Scrúdú (agus cead foclóir a úsáid) bunaithe ar aistriúchán agus tras-scríbhinní ar mheascán de théacsanna agus taifeadtaí i nGaeilge na hAlban. Unspecified Yes Graded No

25

Assignment: Gearrscéal i nGaeilge na hAlban — 500 focal. Unspecified n/a Graded No

20

Practical Examination: Scrúdú cainte / cluas éisteachta trí mhéan Ghaeilge na hAlban (taifeadfar caint shimplí / míreanna comhrá agus léitheoireacht tofa, agus déanfar tras-scríbhinn ó thaifead fuaime. Coursework (End of Trimester) n/a Graded No

30

Assignment: Aiste ghearr taighde faoi stair, litríocht nó faoi bhéaloideas Ghaeilge na hAlban – 850 focal. Unspecified n/a Graded No

25


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Students will receive a general overall class based feedback via email or in class. Students can then meet individually with the module coordinator to receive individual feedback if they wish.


Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
 
Autumn
     
Lecture Offering 1 Week(s) - 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 9, 10, 11, 12 Mon 14:00 - 14:50
Lecture Offering 1 Week(s) - 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 9, 10, 11, 12 Wed 16:00 - 16:50
Autumn