Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Faoi dheireadh an chúrsa:
- beidh an mac léinn in ann téacsanna de chineálacha éagsúla a aistriú go Gaeilge / Béarla agus a mhalairt, agus leas a bhaint as an réim teanga agus as an téarmaíocht is cuí don téacs sin
- beidh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin agus plé a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a gcuid oibre féin
- beidh an mac léinn in ann dul i ngleic leis na dúshláin is mó a bhaineann leis na téacsanna seo a aistriú
- beidh cur amach ag an mac léinn ar na canúintí agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar an tábhacht a bhaineann leo i gcomhthéacs téacsanna den uile chineál
- beidh an mac léinn in ann cur síos a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cineálacha éagsúla téacsanna a aistriú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain leis an téacs sin a aistriú
- beidh an mac léinn in ann an leas is fearr agus is cuí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil don aistritheoir
- beidh an mac léinn in ann earráidí ina gcuid oibre féin (agus in obair a chomhgleacaithe) a aithint agus eagarthóireacht chuí a dhéanamh ar na téacsanna sin
- beidh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus plé a dhéanamh ar na cinntí a glacadh iontu
Téacsanna de chineálacha éagsúla a bheidh le haistriú ag an mac léinn sa chúrsa seo, lena n-áirítear:
téacsanna faisnéiseacha/pragmatacha;
téacsanna litríochta, lena n-áirítear prós agus filíocht;
téacsanna teicniúla;
téacsanna oifigiúla, lena n-áirítear téacsanna dlí agus reachtaíochta.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 24 |
Specified Learning Activities | 25 |
Autonomous Student Learning | 75 |
Total | 124 |
Moltar na modúil IR10040 Teanga na Gaeilge 1 agus IR20180 Teanga na Gaeilge 2A a bheith déanta ag an mac léinn roimh chlárú don mhodúl seo.
Ní mholtar an cúrsa dóibh sin nach bhfuil cumas maith acu sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Assignment: Obair Bhaile rialta le linn an trimeastair | Throughout the Trimester | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 40 |
Assignment: Scrúdú Cinn Cúrsa | Unspecified | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 40 |
Assignment: Scrúdú Lár Téarma | Week 7 | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 20 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Autumn | No |
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Peer review activities
• Self-assessment activities
Gheobhadh an mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an obair scríofa a chuireann siad isteach, laistigh de 20 lá ón dáta a gcuirtear an obair isteach. Cuirfear an t-aiseolas sin ina láthair i bhfoirm 'track changes', i bhfoirm tráchtanna taobh leis an gcáipéis, agus i bhfoirm nótaí ag deireadh na cáipéise. Gheobhaidh na mic léinn aiseolas i ndiaidh an chur i láthair óna gcomhgleacaithe agus ón léachtóir, a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad roimh an tionscnamh a chríochnú. Gheobhaidh na grúpaí mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an gcaoi chéanna i gcás an tionscnaimh féin, agus gheobhaidh siad tuairisc dheiridh don ghrúpa i bhfoirm scríofa.
Name | Role |
---|---|
Mr Eoin McEvoy | Lecturer / Co-Lecturer |
Lecture | Offering 1 | Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32 | Mon 11:00 - 11:50 |
Lecture | Offering 1 | Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 | Wed 13:00 - 13:50 |