IR20280 An fhilíocht roimh an nGorta

Academic Year 2020/2021

Déanfar staidéar ar dhánta a cumadh sa Ghaeilge sa chéad bliain nó mar sin roimh an nGorta Mór (1845-9). Beidh siad seo ina measc:
1. Caoineadh Airt Uí Laoghaire, a maraíodh sa bhliain 1773 (luaite le hEibhlín Dubh Ní Chonaill).
2. Roinnt dánta le hAntaine Raiftearaí (1779-1835).
3. Machnamh an Duine Dhoilíosaigh (le Seán Ó Coileáin, c. 1754-1817).
4. Cath Chéim an Fhia (le Máire Bhuí Ní Laoghaire 1774-c. 1848).
5. 'Is é Dónall binn Ó Conaill caoin' le Tomás Rua Ó Súilleabháin 1785-1848.
6. Sleachta as Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman (c. 1749-1805)

Ní gá go léifí gach ceann acu sin. Ar an méid ama a bheidh ar fáil a bhraithfidh sé sin.

Is beag idir an Ghaeilge atá sna dánta sin agus Gaeilge an lae inniu. Is cinn iad atá tagtha anuas sa traidisiún béil agus/nó i ndíolamaí filíochta. Tá cáil orthu dá réir sin i gcanóin litríochta na Gaeilge.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ba cheart go mbeadh eolas maith ginearálta agat ar an gcineál filíochta a bhí á cumadh de réir mar a bhí traidisiúin stairiúil na filíochta sa Ghaeilge ag teacht chun deiridh. Bhí clú agus cáil riamh ar dhánta ar nós Caoineadh Airt Uí Laoghaire, Eanach Dhúin le Raiftearaí agus Machnamh an Duine Dhoilíosaigh le Seán Ó Coileáin. Is dánta iad a cuireadh i gcló i mórán díolama filíochta. Dá bhrí sin beidh braistint don tréimhse féin ag an mac léinn mar aon le cur amach ar chuid den na dánta 'canónda' a cumadh sa tréimhse sin.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

0

Small Group

120

Total

120

Approaches to Teaching and Learning:
Beidh pacáiste téacsaí ar fáil ag na mic léinn ó thús an trimeastair. Léifear na dánta a mbeifear ag díriú orthu sa rang agus míneofar pointí teanga agus tagairtí sna téacsaí. 
Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Assignment: Aiste ar ghné éigin den mhodúl - file faoi leith, dán faoi leith, seánra filíochta. Week 10 n/a Standard conversion grade scale 40% No

50

Essay: Aiste ar ghné éigin den mhodúl - file faoi leith, dán faoi leith, seánra filíochta. Week 8 n/a Standard conversion grade scale 40% No

50


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Autumn Yes - 2 Hour
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Cuirfear aiseolas ar fáil chomh luath agus is féidir tar éis píosa measúnaithe a bheith déanta i dtreo is gur féidir leis an mic léinn leas a bhaint as an gcomhairle sin.