IR20060 Logainmneacha agus sloinnte

Academic Year 2023/2024

Déanfar staidéar sa mhodúl seo ar an ainmeolaíocht Ghaelach, idir logainmneacha (= ainmneacha áite) agus sloinnte. Is ón nGaeilge a tháinig formhór mór na logainmneacha sa tír seo. Chun staidéar a dhéanamh orthu ní mór féachaint ar dtús ar an tslí a bhfuil Éire roinnte ina cúigí, ina contaetha, ina barúntachtaí, ina paróistí sibhialta agus ina bailte fearainn. Ansin féachfar ar na dóigheanna ar baisteadh na haonaid sin le focail mar baile, cnoc, achadh, srl. Scrúdófar fosta an obair thaighde a rinne Seán Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe ar logainmneacha na hÉireann sa chéad leath den 19ú hAois. Ina dhiaidh sin, pléifear an chaoi ar fhás sloinnte dar tús Mac agus Ó ón gcóras sóisialta Gaelach a bhí sa tír sa Mheánaois.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Beidh eolas ag na mic léinn ar struchtúir agus ar bhrí na logainmneacha Gaelacha agus ar a gcúlra cultúrtha agus stairiúil.
Beidh siad in ann trácht ar sheanghnásanna ainmnithe na tíre seo i gcás ainmneacha pearsanta agus sloinnte.
Beidh siad in ann an t-eolas sin a chur ag obair in aon staidéar nó machnamh a dhéanfaidh siad feasta ar stair áitiúil, ar chúrsaí ginealaigh, ar an tseandálaíocht nó ar an ngeografaíocht.

Indicative Module Content:

Beidh eolas ag na mic léinn ar struchtúir agus ar bhrí na logainmneacha Gaelacha agus ar a gcúlra cultúrtha agus stairiúil.
Beidh siad in ann trácht ar sheanghnásanna ainmnithe na tíre seo i gcás ainmneacha pearsanta agus sloinnte.
Beidh siad in ann an t-eolas sin a chur ag obair in aon staidéar nó machnamh a dhéanfaidh siad feasta ar stair áitiúil, ar chúrsaí ginealaigh, ar an tseandálaíocht nó ar an ngeografaíocht.

Sa chéad chuid, pléifear na foinsí Béarla agus Gaeilge a úsáidtear le foirmeacha barantúla Gaeilge de logainmneacha a shocrú, agus cuid de na bearnaí agus laigí a bhaineann leis na foinsí sin. Pléifear an tábhacht a bhaineann le foinsí ar leith, m.sh. dánta an Leabhar Bhranaigh i gcás Cho. Chill Mhantáin agus dheisceart Laighean. Tráchtfar fosta ar Ainmleabhair agus ar Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, agus ar na taighdeoirí a chruthaigh iad, m.sh. Seán Ó Donnabháin.
Scrúdófar na cineálacha gnéithe aiceanta, láithreán agus ainmneacha treabhchais a luaitear i logainmneacha Gaeilge, agus na dóigheanna éagsúla ar cuireadh Béarla orthu (móin > ‘mon(e)-’, ‘moon-’, ‘mount-’, srl.). De bhreis air seo, tabharfar roinnt eolais ar logainmneacha ar fianaise iad ar lonnaíochtaí Normannacha agus eile.
Sa chuid deiridh den mhodúl, scrúdófar na seanchleachtais ainmnithe a bhíodh i réim in Éirinn tráth, ar an dóigh ar galldaíodh iad, agus ar a mbunús stairiúil.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

22

Specified Learning Activities

50

Autonomous Student Learning

28

Total

100

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí; scríbhneoireacht chriticeach; foghlaim mhachnamhach. 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Léamh agus scríobh na Gaeilge; tuiscint ar an nGaeilge labhartha; taithí ar thaifead na Gaeilge


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Essay: Aiste (2,500-3,000 focal) Varies over the Trimester n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

40

Examination: Scrúdú (2 uair an chloig) 2 hour End of Trimester Exam No Alternative linear conversion grade scale 40% No

60


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Not yet recorded.

Leabhair, Ailt:
Andrews, J. H. 2002 [1975]. A Paper Landscape: The Ordnance Survey in Nineteenth-Century Ireland. Dublin: Four Courts Press.
Hughes, A. J. 1991. ‘Irish Place-Names: Some Perspectives, Pitfalls, Procedures and Potential, Seanchas Ard Mhacha 14(2), 116–148.
Ó Maolfabhail, Art. 1991. ‘Éadbhard Ó Raghallaigh, Seán Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis 1830–4’, Proceedings of the Royal Irish Academy 91C, 73–103.
Ó Muraíle, Nollaig. 2013. ‘Irish Placenames: The Current State of Research’, Éigse 38, 273–305.
Woulfe, Patrick. 1923. Sloinnte Gaedheal is Gall: Irish Names and Surnames. Dublin: M. H. Gill & Son.

Foinsí Leitreonacha:
Logainm: https://www.logainm.ie/ga/

Soláthrófar tuilleadh foinsí le linn an chúrsa.
Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
 
Spring
     
Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Thurs 14:00 - 14:50
Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Tues 14:00 - 14:50
Spring