Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Faoi dheireadh an chúrsa:
- beidh an mac léinn in ann téacsanna de chineálacha éagsúla a aistriú go Gaeilge / Béarla agus a mhalairt, agus leas a bhaint as an réim teanga agus as an téarmaíocht is cuí don téacs sin
- beidh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin agus plé a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a gcuid oibre féin
- beidh an mac léinn in ann dul i ngleic leis na dúshláin is mó a bhaineann leis na téacsanna seo a aistriú
- beidh cur amach ag an mac léinn ar na canúintí agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar an tábhacht a bhaineann leo i gcomhthéacs téacsanna den uile chineál
- beidh an mac léinn in ann cur síos a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cineálacha éagsúla téacsanna a aistriú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain leis an téacs sin a aistriú
- beidh an mac léinn in ann an leas is fearr agus is cuí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil don aistritheoir
- beidh an mac léinn in ann earráidí ina gcuid oibre féin (agus in obair a chomhgleacaithe) a aithint agus eagarthóireacht chuí a dhéanamh ar na téacsanna sin
- beidh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus plé a dhéanamh ar na cinntí a glacadh iontu
Téacsanna de chineálacha éagsúla a bheidh le haistriú ag an mac léinn sa chúrsa seo, lena -áirítear:
téacsanna faisnéiseacha/pragmatacha
téacsanna litríochta, lena n-áirítear prós agus filíocht
téacsanna teicniúla
téacsanna oifigiúla, lena n-áirítear téacsanna dlí agus reachtaíochta
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 24 |
Specified Learning Activities | 25 |
Autonomous Student Learning | 75 |
Total | 124 |
Moltar an modúl IR10040 Teanga na Gaeilge 1 a bheith déanta ag an mac léinn, nó grád onóracha ard sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht.
Ní mholtar an cúrsa dóibh sin nach bhfuil cumas maith acu sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Assignment: Téacs le haistriú mar scrúdú lár téarma | Week 7 | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 20 |
Examination: Scrúdú dhá uair chloig | 2 hour End of Trimester Exam | Yes | Standard conversion grade scale 40% | No | 40 |
Continuous Assessment: Cleachtaí aistriúcháin le déanamh go rialta le linn an tseimeastair | Throughout the Trimester | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 40 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Autumn | No |
• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Peer review activities
Gheobhadh an mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an obair scríofa a chuireann siad isteach, laistigh de 20 lá ón dáta a gcuirtear an obair isteach. Cuirfear an t-aiseolas sin ina láthair i bhfoirm 'track changes', i bhfoirm tráchtanna taobh leis an gcáipéis, agus i bhfoirm nótaí ag deireadh na cáipéise. Gheobhaidh na mic léinn aiseolas i ndiaidh an chur i láthair óna gcomhgleacaithe agus ón léachtóir, a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad roimh an tionscnamh a chríochnú. Gheobhaidh na grúpaí mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an gcaoi chéanna i gcás an tionscnaimh féin, agus gheobhaidh siad tuairisc dheiridh don ghrúpa i bhfoirm scríofa.