IR10150 Bunchlocha an Aistriúcháin

Academic Year 2020/2021

Is cúrsa é seo a chuirfidh bonn faoi scileanna aistriúcháin an mhic léinn agus a ullmhóidh iad le haghaidh cúrsaí aistriúcháin ag leibhéal níos airde amach anseo. Tabharfar an mac léinn isteach ar bhunphrionsabail an aistriúcháin Béarla-Gaeilge / Gaeilge-Béarla. Cuirfear an mac léinn ar an eolas faoi cheird an aistriúcháin agus faoi na hacmhainní agus na háiseanna a bhíonn ar fáil d'aistritheoirí. Gheobhaidh an mac léinn tuiscint ar an difríocht idir na canúintí agus an Caighdeán Oifigiúil 2017, agus beidh sé/sí in ann téacsanna canúnacha a chaighdeánú. Oilfear an mac léinn faoi na cineálacha éagsúla téacsanna a bhíonn le haistriú agus na riachtanais a bhaineann le gach aon cheann acu, go háirithe maidir le tarmaíocht agus réim teanga. Gheobhaidh an mac léinn taithí phraiticiúil ar théacsanna de chineálacha éagsúla agus de mhéideanna éagsúla a aistriú. Rachaidh an mac léinn i mbun aistriúcháin ina (h)aonar agus mar chuid de ghrúpa. Pléifear na dúshláin is mó a bhíonn roimh aistritheoirí agus iad ag cruthú téacs soléite intuigthe sa sprioctheanga. Díreofear ar an dúshlán a bhaineann le coibhéis a aimsiú idir an buntéacs agus an spriocthéacs, ag leibhéal an fhocail agus ag leibhéal na habairte. Díreofar mar chuid den chúrsa ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus déanfar staidéar comparáideach orthu, rud a chuirfidh le scileanna anailíseacha an mhic léinn. Múinfear scileanna eagarthóireachta agus profléitheoireachta don mhac léinn, scileanna a bhíonn de dhíth ar an aistritheoir gairmiúil.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Faoi dheireadh an chúrsa:

- beidh an mac léinn in ann téacsanna de chineálacha éagsúla a aistriú go Gaeilge / Béarla agus a mhalairt, agus leas a bhaint as an réim teanga agus as an téarmaíocht is cuí don téacs sin
- beidh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin agus plé a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a gcuid oibre féin
- beidh an mac léinn in ann dul i ngleic leis na dúshláin is mó a bhaineann leis na téacsanna seo a aistriú
- beidh cur amach ag an mac léinn ar na canúintí agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar an tábhacht a bhaineann leo i gcomhthéacs téacsanna den uile chineál
- beidh an mac léinn in ann cur síos a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cineálacha éagsúla téacsanna a aistriú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain leis an téacs sin a aistriú
- beidh an mac léinn in ann an leas is fearr agus is cuí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil don aistritheoir
- beidh an mac léinn in ann earráidí ina gcuid oibre féin (agus in obair a chomhgleacaithe) a aithint agus eagarthóireacht chuí a dhéanamh ar na téacsanna sin
- beidh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus plé a dhéanamh ar na cinntí a glacadh iontu


Indicative Module Content:

Téacsanna de chineálacha éagsúla a bheidh le haistriú ag an mac léinn sa chúrsa seo, lena -áirítear:

téacsanna faisnéiseacha/pragmatacha
téacsanna litríochta, lena n-áirítear prós agus filíocht
téacsanna teicniúla
téacsanna oifigiúla, lena n-áirítear téacsanna dlí agus reachtaíochta

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

24

Specified Learning Activities

25

Autonomous Student Learning

75

Total

124

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí; obair phraiticiúil sa rang; obair bhaile; anailís ar obair a dhéantar sa bhaile;
 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

Moltar an modúl IR10040 Teanga na Gaeilge 1 a bheith déanta ag an mac léinn, nó grád onóracha ard sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht.
Ní mholtar an cúrsa dóibh sin nach bhfuil cumas maith acu sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.


Module Requisites and Incompatibles
Additional Information:
It is desirable that students have completed IR10040 prior to taking this module, or that it is being taken concurrently with this module


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Assignment: Téacs le haistriú mar scrúdú lár téarma Week 7 n/a Standard conversion grade scale 40% No

20

Examination: Scrúdú dhá uair chloig 2 hour End of Trimester Exam Yes Standard conversion grade scale 40% No

40

Continuous Assessment: Cleachtaí aistriúcháin le déanamh go rialta le linn an tseimeastair Throughout the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

40


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Peer review activities

How will my Feedback be Delivered?

Gheobhadh an mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an obair scríofa a chuireann siad isteach, laistigh de 20 lá ón dáta a gcuirtear an obair isteach. Cuirfear an t-aiseolas sin ina láthair i bhfoirm 'track changes', i bhfoirm tráchtanna taobh leis an gcáipéis, agus i bhfoirm nótaí ag deireadh na cáipéise. Gheobhaidh na mic léinn aiseolas i ndiaidh an chur i láthair óna gcomhgleacaithe agus ón léachtóir, a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad roimh an tionscnamh a chríochnú. Gheobhaidh na grúpaí mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an gcaoi chéanna i gcás an tionscnaimh féin, agus gheobhaidh siad tuairisc dheiridh don ghrúpa i bhfoirm scríofa.