Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh mic léinn in ann:
a) úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní leictreonacha Gaeilge is tábhachtaí chun dul i ngleic le tascanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta;
b) tras-scríobh a dhéanamh ar chaint sna trí mhórchanúint de réir coinbhinsiúin faoi leith tras-scríbhneoireachta;
c) léirmheas cruinn cuimsitheach a scríobh i nGaeilge;
d) na pointí lárnacha i dtéacs Gaeilge a bhaint amach agus a chur i láthair go héifeachtach agus le súil ar an inrochtaineacht.
On completion of this module, students should be able to:
a) use effectively the most important electronic resources in Irish in order to tackle writing and reading tasks;
b) transcribe, according to specific conventions, speech from the three major dialects;
c) compose a well-written, comprehensive review in Irish;
d) extract the key findings from a text in Irish and present those findings to fellow students in an accessible way.
+ Réim Acadúil na Gaeilge | The academic register in Irish
+ Áiseanna leictreonacha teanga | Electronic language resources
+ Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge | The Official Language Standard
+ Mórchanúintí na Gaeilge | The major dialects of Irish
+ Scileanna tras-scríbhneoireachta | Transcription skills
+ Léirmheastóireacht | Reviewing
+ Scileanna cur i láthair | Presentation skills
1. Foghlaimeoidh na mic léinn conas foclóirí leictreonacha teanga (teanglann.ie, focloir.ie, tearma.ie) a úsáid go héifeachtach chun cabhrú leo téacsanna a thuiscint agus a scríobh iad féin.
2. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar na trí mhórchanúint thraidisiúnta (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan), déanfaidh siad cleachtaí ar an tras-scríobh agus ansin tabharfaidh siad faoin tras-scríobh don mheasúnú.
3. Foghlaimeoidh gach mac léinn faoi scileanna léirmheastóireachta, foghlaimeoidh siad stór focal a bhaineann leis na seánraí éagsúla a bheidh faoi chaibidil agus scríobhfaidh siad léirmheas ar théacs. Pléifear an léirmheastóireacht go mion sna léachtaí roimh an spriocdháta agus cuirfear oiliúint ar na mic léinn maidir leis an gcóras tagartha.
4. Forbróidh na mic léinn scileanna cur i láthair, déanfaidh siad cleachtadh ar an bhfoghraíocht chruinn agus déanfar plé ar an dearadh éifeachtach don chur i láthair. Déanfaidh gach mac léinn cur i láthair ansin i bhfoirm réamhthaifeadta.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 12 |
Small Group | 12 |
Practical | 12 |
Specified Learning Activities | 60 |
Autonomous Student Learning | 13 |
Total | 109 |
+ Ba cheart go mbeadh cur amach ag an mac léinn ar struchtúr na teanga.
+ Ba cheart go mbeadh spéis ag an mac léinn i gcruinneas na teanga, idir labhartha agus scríofa.
+ Ba cheart go mbeadh an mac léinn ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta go laethúil.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Class Test: Tras-scríobh 1: Éistfidh an mac léinn le mír éisteachta chanúnach 1-2 nóiméad ar fhad agus clóscríobhfaidh siad a gcloiseann siad de réir na gcoinbhinsiún tras-scríbhneoireachta a chuirtear ar fáil. | Week 5 | n/a | Graded | No | 10 |
Class Test: Tras-scríobh 2: Éistfidh an mac léinn le mír éisteachta chanúnach 1-2 nóiméad ar fhad agus clóscríobhfaidh siad a gcloiseann siad de réir na gcoinbhinsiún tras-scríbhneoireachta a chuirtear ar fáil. | Week 6 | n/a | Graded | No | 10 |
Continuous Assessment: Cleachtaí rialta ar líne: Sna cleachtaí seo a dhéanfar ar Brightspace ó sheachtain go chéile déanfar tástáil ar scileanna éisteachta agus ar eolas na mac léinn ar na canúintí agus ar an ngramadach. | Throughout the Trimester | n/a | Alternative linear conversion grade scale 40% | No | 10 |
Presentation: Cur i láthair réamhthaifeadta: Roghnóidh an mac léinn alt ó comhartaighde.ie agus cuirfidh siad i láthair é i bhfoirm réamhthaifeadta (físeán 3-5 nóiméad ar fhad). | Coursework (End of Trimester) | n/a | Graded | No | 30 |
Essay: Léirmheas: Roghnóidh an mac léinn gearrscéal nó gearrscannán nó imeacht liteartha agus déanfaidh an mac léinn anailís air i léirmheas gonta cruinn 500 focal. | Week 9 | n/a | Graded | No | 40 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Autumn | No |
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Online automated feedback
1. Tras-scríobh: Déanfaidh an mac léinn 3 thras-scríobh nach gcuirfear gráid orthu (Tras-scríobh A, Tras-scríobh B, Tras-scríobh C) roimh dóibh tabhairt faoin dá thras-scríobh don mheasúnú agus gheobhaidh an mac léinn leagan iomlán den script mar aiseolas tar éis na n-iarrachtaí sin go léir le gur féidir leo iad a chur i gcomparáid leis an obair a rinne siad féin agus féinmheasúnú a dhéanamh. I gcás Thras-scríobh 1 agus Thras-scríobh 2 don mheasúnú, úsáidfear rúibric chun an obair a cheartú agus cuirfear an script iomlán ar fáil don mhac léinn trí Brightspace mar aiseolas. Feicfidh na mic léinn an rúibric roimh ré. 2. Léirmheas: Gheobhaidh an mac léinn an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an léirmheas roimh dóibh tabhairt faoin léirmheas. Ceartófar an léirmheas ar Brightspace leis an rúibric agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don mhac léinn trí Brightspace. 3. Cur i láthair: Gheobhaidh an mac léinn an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an gcur i láthair roimh dóibh tabhairt faoin ullmhúchán. Ceartófar an cur i láthair leis an rúibric sin agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don mhac léinn trí Brightspace.